Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Seiceáil incháilitheachta

Haigh!

Go raibh maith agat as tús a chur leis an bpróiseas clárúcháin don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Sula leanfaidh tú ar aghaidh, freagair na ceisteanna a leanas chun a dhearbhú go nglacann tú le misean agus prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus go seasfaidh tú leo, agus go bhfuil tú incháilithe le bheith rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Ní mór duit a bheith os cionn 17 mbliana d’aois chun clárú leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach (ní féidir leat tús a chur le tionscadal go dtí go mbeidh tú os cionn 18 mbliana d’aois). Chomh maith leis sin, ní mór cónaí dlíthiúil a bheith ort i mBallstát den Aontas, nó i gceann de na tíortha seo a leanas nach den Aontas iad: An Ailgéir, an Airméin, an Albáin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, an Éigipt, an Iordáin, an Iorua, an Íoslainn, Iosrael, an Libia, Lichtinstéin, an Liobáin, Maracó, an Mhacadóin Thuaidh, an Mholdóiv, Montainéagró, an Phalaistín, an Rúis, an tSeirbia, an tSeoirsia, an tSiria, an Túinéis, an Tuirc agus an Úcráin.

Má roghnaítear thú le páirt a ghlacadh i dtionscadal de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, iarrfar ort fianaise dhoiciméadach a thabhairt chun a léiriú go bhfuil tú incháilithe don tionscadal i gceist.

Misean agus prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Tá sé tábhachtach tuiscint a bheith ag gach duine atá páirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar mhisean agus prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus tá sé tábhachtach freisin go seasfaidh siad leis an misean agus leis na prionsabail sin.

Ár misean

Sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, tagann daoine óga le chéile ar mhaithe le sochaí níos cuimsithí a fhorbairt, chun tacú le daoine leochaileacha agus chun freagairt do dhúshláin na sochaí. Eispéireas spreagúil cumasaithe atá ann do dhaoine óga ar mian leo cabhrú, foghlaim agus forbairt.

Féach leat misean agus prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.