Bealach Digiteach DiscoverEU
An bhfuil smaointe uait faoin áit ar féidir leat taisteal ar d’eachtra DiscoverEU? Ar smaoinigh tú riamh cén chuma a bheadh ar chathair na todhchaí?
Seo do sheans cathracha an lae amárach a thaiscéaladh! Seo chugat an Bealach Digiteach, léarscáil de chathracha Eorpacha atá meáite sa saol digiteach, agus tá siad go léir ar thús cadhnaíochta maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid ina bhfoirgnimh, ar a sráideanna agus ina gcomhshaoil. In an-chuid de na cathracha sin, is féidir leat ceangal le WiFi saor in aisce in áiteanna poiblí, aip a úsáid le seiceáil cathain a bheidh an chéad bhus eile leat, nó léim ar rothar leictreach chun an chathair a nochtadh.
Tá an teideal Príomhchathair Nuálaíochta na hEorpa ag cuid de na cathracha sin – cathracha atá aitheanta ag an Aontas as a réitigh nuálacha ar dhúshláin, cuir i gcás iompar agus rochtain ar sheirbhísí poiblí. Is ‘cathracha cliste’ iad cathracha a úsáideann sonraí agus intleacht shaorga chun oibríochtaí cathrach – amhail soilsiú sráide nó bailiú dramhaíola – a dhéanamh níos éifeachtúla, nó is ‘cathracha cliste’ freisin iad na cathracha sin a úsáideann teicneolaíochtaí ceannródaíocha chun feabhas a chur ar shaol na gcónaitheoirí ar bhealach glas inbhuanaithe freagrach. Cuireann go leor de na cathracha ar an mbealach seisiúin oiliúna ar fáil freisin do chónaitheoirí chun a gcuid scileanna digiteacha a fheabhsú.
Tá na cathracha sin ar thús cadhnaíochta maidir le #DigitalEU, agus an bealach á réiteach acu don todhchaí in éineacht le tionscnaimh amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach agus #WiFi4EU – mar sin, caith súil ar an léarscáil thíos agus faigh tuilleadh eolas fúthu! Anuas air sin, má tá spéis agat san inbhuanaitheacht agus más mian leat roinnt cathracha glasa a chur le do chúrsa taistil, cén fáth nach ndéanfá Bealach Glas DiscoverEU a thaiscéaladh?